School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile na Bó
- XML Page 144
- XML “Dilín na mBacach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Dilín na nBacach
An Bacach ag teacht go dtí'n doras
"Go mbeannuighidh an Rí agus Pádraig annseo, Colmcille agus Eóin baiste, Peadar agus Pól do chlúdach a bhean a tighe. tá mise ag teacht leis an trí gara is feárr a tháinig i dtír in aon áit ariamh- na gara guidhe, na gara paidreachta agus na gara beannactacha. Déan an déirc mar súil gurabh é a chuideachas leat ar mhuir agus ar tír, in domasach agus i gcréafóig, i sráid agus i ngarraidh, mar shúil go mbeadh do thubaiste ar an bhóthar chaim, ar an leic úd thíos Mhic Dhonnachaidh mar bhíos an crann a bhíos cruinn ar maidin agus úr glas tráthnóna. Dearc ar an fhear uar chur anuraidh agus 'nar bhain imbliadhna, gan cur earraigh gan baint fhóghmhar, gan bean, gan clann, gan luth, gan lúthgháir, gan láthair, gan mháthair".Arsa bean a tighe
" Níl annseo acht trí sreamaidigh gamhnacha, trí sramaidigh cait ag diúl ortha. Ní inde, indiu ná imbárach a bhlightear iad acht ag an uair tráth, agus má fhanann tú le braon de gcuid bainne gheóbhaidh tú é."An Bacach
" An áit a gcastar cailleach leisg, lom, leisceamhail(continues on next page)- Collector
- Ailbhe Ó Conáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Brighid Nic a' Seachlainn
- Gender
- Female
- Age
- 68
- Address
- Baile Chonaill, Co. Donegal