School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile na Bó
- XML Page 199
- XML “Seanscoileanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Sean-Scoltacha ar leanamhaint
aca agus an ceann dearg ar an cheann eile. San oidhche a bhí siad ann. Bhí cuid aca na suidhe ar stólaí agus an chuid eile na seasamh. Bhí cóta bainín tíre air agus brístí goiride donna. Bhí giota éadaigh casta thart fá na mhuineál. Bhí sean bhróga air. Bhéarfadh achan dhuine sgilling san mhí dó.
2. Bhí fear ann aon uair amháin. Séamus O Dubhgáin a bhí air. Bhí sé na mhaighistir i mBaile na Bó. Thuit sé amach leis na daoine agus dimthigh sé. Chuaidh sé soir na Meachaire Meadhonach. Bhí sé ag teagasc istigh i sean sgioból. Bhí fuinneóg amháin air agus doras. Cha rabh áit ar bith teineadh ann. Teach ceanntuighe a bhí ann. Ins an oidhche bhí an scoil ann. Daoine móra uilig a bhí ann.
Fear meadhon aosta a bhí ann. Bhí sé ag foghlam leigeamh agus sgriobhadh daobhtha. Bhí feasóg mhór fhada air ní rabh blagoid ar bith air. Bhí cóta gorm air agus briste buidhe. Bhí dhá mhaide ó cheann go ceann an toighe agus dhá mhaide treasna.- Collector
- Brighid Nic Aoidh
- Gender
- Female
- Address
- Doire Uí Fhríl, Co. Donegal
- Informant
- Éadhmonn Mac Aoidh
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Address
- Doire Uí Fhríl, Co. Donegal