School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile na Bó
- XML Page 213
- XML “Cloch Cheannfhaolaidh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is é an t-ainm atá ar an pharroiste seo ná Cloich Ceannfholaidh; (nó is é an tuarim atá ag na foclaibh i mbéalaibh na sean daoine CLOICH CHON FHAOLA)
Tá an chloch iomráidhteach seo le feiceál do réir na ndaoine ins an choillidh atá comhgarach do Chaisleán Bhaile Uí Chonaill. Coláiste Ullmhucháin atá ins an chaisleán seo anois. Cloich Chon Fhaola, cnapán mór de chloich ghil atá inntí, cuireadh suas í ar túr mór comhgarach de fhichi troighthe ar aoirde amuigh i lár páirce comhgarach do'n tsean-chaisleán atá luaidhte thuas. Ar d-tús cuireadh suas an túr: atá deanamh cruinn ar an túr agus tá sé 16 troighthe thart timcheall. Macasamhail dhá throigh ó'n talamh atá leach cloiche curtha isteach ins an túr. Tá an leac seo ocht n-ordhlaigh déag ar an fhad agus ocht n-ordlaigh ar a leitheid: Is é an rud atá sgriobhtha ar an leic seo:- CLOGHANNEELYERECTED A.D. 1774 byWIBRANTS OLPHERTand SARAH his wife(continues on next page)- Collector
- Ailbhe Ó Conáin
- Gender
- Male
- Age
- 48
- Occupation
- Múinteoir