School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile na Bó
- XML Page 232
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- San Inid is mó a phósas daoine faoi láthair. Póstar go leór fosta roimh an Nodlaig. A bhfad ó shoin is beag lánamhain a bhí ann acht fán Inid. An lá roimh Chéadaoin na Luaithrighe sin Máirt na h-Inide. Bíonn ainm ata air i n-amannaibh - Máirt na Smut, mar deirtear go mbíodh smut ar na cailíní nuair a bheadh siad diomhaoin bliadhain eile. I n-áiteachaibh a mbíodh margadh nó siopaí is gnáthach salann garbh a chaitheamh ar cailíníbh agus ar fhearaibh atá i n-aois a b-pósta, agus a leig bliadhain eile tharsta gan pósadh. Customaéraí a ghnidheas seo leis an t-salann, agus a chaitheas ar chustumaéraí eile é. An áit nach mbíonn salann garbh le fághail gnithear úsáid de bhran min-bhuidhe nó plúr. Is é an 13adh de gach mhí lá atá airmighthe a bheith mí-rathamhail; tá an Aoine mar sin fosta agus an Satharn.
Bealtaine is mí é seo atá mí-rathamhail.
Níl sé ádhmhail, de réir na bpisleóg capall bán a bheith ar an bhainfheis agus níl sé ceart ag an fhear nuadh-phósta é féin a bheith ag tiomáint capall ar an lá sin ag an bhainfheis.
Gnidhtear cleamhnaistí go fóill ins an cheanntarsa
Nuair is mian leis an fhear rachfaidh sé féin agus triúr nó ceathrar de na cháirábh go mall san oidhche go(continues on next page)- Collector
- Ailbhe Ó Conáin
- Gender
- Male
- Age
- 48
- Occupation
- Múinteoir