Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile na Bó
- XML Leathanach 239
- XML “Scálán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá scálán i m.Baile na Bó, comhgarach do'n bhealach mhór. Tá sé ar thaoibh do láimhe deise de'n ród, mar bhéas duine ag dul ó'n Fhal Carrach go d-tí Dún-Fionnachaidh. An bealach mór atá comhgarach do'n Scálán anois, ní rabh sé ann i n-aimsir na géarleanmhna, ná ins an am a rabh gnáth-úsáid deánta de'n Scálán. Deirtear gur i n-am an ghorta a rinneadh an bealach mór. Tá ceárdcha san am i láthair comhgarach do'n Scalán.
San am a rabh na daoine ag freastal an Scaláin bhi sé suidhte thíos i log comhgarach do'n Abhainn bhuidhe. Ní rabh bealach mór ar bith comhgarach aige, agus bhi sé doiligh feicheál mar d-tiocfadh duine air de thaisme, sin nó eolas beacht aige ar an áit. Bhi dóigh mhaith agus áit mhaith éalóidh as. 'Leac an Aifrionn' a bheirtear mar ainm ar an Scálán seo faoi láthair. Léigheadh Aifrionn annseo go minic fadó, agus ins an am sin bhíodh an sagart in a chomhnuidhe amuigh ag an Tearmóinn. Bhi dearmad deanta ag na daoinibh fán áit seo, go d-tí timcheall deich mbliadhna ó shoin. Nuair a chruinnigh an t-Athair Art Ua Frighil S.C muintir na comhursanachta cupla lá le claidhe a chur thart ar an áit, le clocha a chruinniughadh agus chuir sé geabhtha ar thaoibh an bhealaigh mhóir leis na daoinibh a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Ailbhe Ó Conáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- an tAthair Ua Frigil
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 56
- Gairm bheatha
- Sagart (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)