School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile na Bó
- XML Page 248
- XML “Naomh Pátrúin an Cheantair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is é Naomh Fionán naomh patrún an cheanntair. Tá Ráth Fionáin ar a d-tugtar Ráth Muintire Domhnaigh tuairim ar mhíle go leith soir ó'n Fhálcarrach. Tá roilig ann agus tá sean-bhallóga ann go fóill. Is ins an Roilig seo atá Cros Colmchille. Deirtear gur Naomh Fionán a chur suas an Chros seo, agus tá gach tolas a bhaineas leis an chrois seo le fághail ins an leabhar béaloideasa seo cheana. Bhí an chros seo in a seasamh go d-tí céad go leith bliadhain ó shoin, nuair a leag an stoirm í.Ba ghaol do Cholmcille Fionán, agus bhíodh siad i g-cuideachta a chéile go minic. Tá an scéal a bhaineas le h-Eas Fionáin curtha síos agam roimh ré. Bhí mainistear nó teampall ag Naomh Fionán fá Ráithche. Bhíodh sé féin agus a chuid manach ins an áit, agus bhíodh siad ag dul isteach go Toraigh chuig Colmcille go mion minic.Tá an roilig annsin go fóill, agus curitear corr-dhuine ann anois agus arís , acht ar na bliadhantaibh deireannacha níor cuireadh mórán corp ann, timcheall ceathrar ins na duisín bliadhantach. Tá ballóga ann de theampall. Tá na(continues on next page)
- Collector
- Ailbhe Ó Conáin
- Gender
- Male
- Age
- 48
- Occupation
- Múinteoir