School: Baile na Bó (roll number 2260)

Location:
Baile na Bó, Co. Donegal
Teacher:
Ailbhe Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 254

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 254

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile na Bó
  2. XML Page 254
  3. XML “An tAonach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    (AR LEANAMHAINT)
    Dioltar anois ó shé pighne go dtí sgilling ar bhanbháin, ó thrí pigne go dtí sé pighne ar chaoirigh agus ar uain, ó dhá sgilling go dtí chúig sgillinge ar buaibh agus ar eallach eile, agus suas go dtí £1 ar bheathadhach capaill. Tá an t-airgead seo le rath a chur ar an cheannachóir agus a mhargadh.
    Nuair atá an margadh críochnuighte cuireann an ceanniughtheóir marc ar an eallach nó caoirigh. Seo mar gnithear margadh: Tá an dioltóir ag iarraidh an oireadh seo luaith ar an stuic, agus tá an ceannuighteóir ag tairsgint an oiread seo. Níl an ceanniughtheóir comh h-árd ins an luach leis an díoltoír. Tiocfaidh comhursa isteach agus déarfadh sé "cé mhéid atá eadraibh? Innseochar dó. "Sgoiltighidhe," adeirfidh sé. An té atá sásda leis an scoilteadh, deirfidh sé "Ní bhrisfidh mé d'fhocal," agus b'fhéidir go ndeárfadh sé leis an fhear eile "an ndeanfadh tú an rud a dubhairt an fear seo (an fear a bhí ag fiacháil margadh a dheanamh), agus má abrann sé "Biodh sé i n-a mhargadh," tá an margadh deanta.
    Is é an marc a cuirtear ar chaoirigh "Cíl" de dhath dhearg nó gorm a chur ar an olann ar a ndruim, agus cíl dearg nó gorm ar eallach ar a (?) deiridh - ós cionn na sgoróige. Tá an "CÍL"
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trade
          1. buying and selling (~3,622)
    Language
    Irish
    Collector
    Ailbhe Ó Conáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Daithí Mac Seáin
    Gender
    Male
    Age
    62
    Address
    An Fál Carrach, Co. Donegal
    Informant
    Domhnall Mac Fhlaithbheartaigh
    Gender
    Male
    Age
    76
    Address
    An Cheathrú Cheanainn, Co. Donegal
    Informant
    Liam Mac Gabhann
    Gender
    Male
    Age
    67
    Address
    An Fál Carrach, Co. Donegal
    Informant
    Tomás Mac Caisleáin
    Gender
    Male
    Age
    73
    Address
    An Dún Mór, Co. Donegal