School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 259
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ins an bhliadhain 1887 cuireadh ball / brainse de Chomhlucht na Talmhan ar bun i gCloich Cheannfhaolaidh. Toghadh coisde de'n chomlucht sin le obair an chumainn a iomchur amach. Tionóladh cruinniughadh de'n chuman seo fá Shamhain 1887 ins an t-seomra a bhí fá choinne na h-ócáide, faoi stiúradh agus ar órdú an Athar Mhic Stiopháin (Fr Stephens). Bhí tionóntaidhí an Olfartaigh uilig cruinn ann. Cuireadh an rún seo roimh a rabh i láthair: "Nach ndíolfadh na tionóntaidí aon chíos leis an tighearna - an t-Olfartach i bhí in a chomhnuidhe i mBaile Uí Chonaill an áit a bhfuil an Choláisde Brighde anois - go dtí go dtabharfadh sé locáiste de 3/6 sa £1 dóibh. Bhí na báirr olc, agus ní rabh teacht isteach ag na daoinibh. Chuir an cathaoirleach a bhí ar an cruinniughadh - an t-Athair Mac Stiophain - beirt fhear chuig Seóirse Mac a' tSeachlainn (George Houston) i.e. agent an Olfartaigh - ag iarraidh an locáiste 3/6 sa £1 air. Ba é an bheirt fhear a bhí ann Seán Mac Aoidh as an Baile Úr, Baile Uí Conaill agus Pádraic Mac Fhionnghaile as Baile an Easa. Chonnaic siad an t-agent in a oifig; chuir siad a ngnaithe i n-iúl dó, agus sé an freagair a thug sé orra go gcuirfeadh sé cioth próistí chuig na(continues on next page)
- Collector
- Ailbhe Ó Conáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir