School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile na Bó
- XML Page 275
- XML “Cogadh na Talún i gCloich Chionnaola - Teach Néill Uí Dhubhgáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ar leanamhaint
Choroin an iarraidh seo faoi fear dárbh ainm Cameron R.M. As Béal Feirste a b'eadh é. Chuir sé sraith de na Rifles agus de na saighdiuraí (R.J.C.) thart fán teach i d-trathaibh an dó a chlog. Bhí an lá ag caitheamh agus an dorchadas ag tarraingt orra. Chuaidh an cigire ceanntair de na constáblaí-Heard an t-ainm a bhí air- isteach comhgarach de'n teach. Bhí sé ag brath an teach a pholladh á d-tiocfadh leis é. Bhí sé ag obair faoi an fhuinneóig a bhí suas an staighre insan dún. Thug na cosantóirí fá deara goidé bhí ar a intinn a dheanamh, agus chaith siad anuas cloch sa mhullach air. Bhuail an chloch an cathbharr a bhí air, agus thuit an fear-anagire ceanntair na g-constáblach in a chnap marbh. Ar an bhomaite léigh Cameron Acht an Racáin ag brath sgaoileadh isteach ins an teach. Bhí dhá fhear dhéag de na Rifles curtha i leat-taoibh leis an sgaoileadh sin a dheánamh, acht thainic an triúr sagart- An t-Athair Mac Pháidín, an t-Athair Mac Stiopháin agus an t-Athair Ó Ceallaigh ar aghaidh, agus d'iarr ar na fir istigh a theacht amach. Rinne siad sin, Ní rabh sgaolleadh ar bith(continues on next page)- Collector
- Ailbhe Ó Conáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Mághnus Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Address
- Baile Chonaill, Co. Donegal