School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile na Bó
- XML Page 288
- XML “Bia sa tSean-Am”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí an tráth seo réidh idir an aon agus an dó a chlog. Go minic bhíodh préataí dá mbeadh siad fairsin. Bhéadh "scadán caoch" sin leasainm ar salainn agus piobar measgtha le chéile ag na daoine bochta leis na préataí. Corr-uair bhéadh an salann agus piobar tirim, agus i n-amannaibh bhéadh braon beag uisce fríd.
Ins an fhoghmhar agus i d-tús an gheimhridh a ba mhinice préataí ag daoinibh. Bhíodh na préataí i gcomhnuidhe gann ó thoisigheadh na daoine ag cur an bhéirr. Bhí iasg de chineál éiginteacht go measardha fairsing mar tá an ceanntar seo cois fairrge.
Anlas a bheirtí ar bhainne ar bith a bheadh aca le hothe le brachán. I n-am suipéara ag an h-ocht nó an naoi a chlog. Bheadh ag fear le bheith ag obair a fhad is bhí solus lae ann.
I n-amannaibh speisialta bhíodh arán préataí, boxty agus cáithbhruith ag na daoinibh. Gnithear aran préataí leis na préataí a bhruith. An croiceann a bhaint dóibh annsin iad a chur isteach i méis ní i(continues on next page)- Collector
- Ailbhe Ó Conáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Mághnus Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Address
- Baile Chonaill, Co. Donegal