School: Ceathramhadh Ceanainn (C.) (roll number 10842)
- Location:
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Donegal
- Teacher: Róisín, Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Ceanainn (C.)
- XML Page 319
- XML “Seanfhocail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ná tabhair breith ar an chéad sgéal go mbeirfidh an taobh eile ort.
An áit a mbíonn toit bíonn teine an áit a mbíonn teine bíonn teas.
Gáire maith is codladh fada an dá léigheas is fearr i leabhar an dochtura.
An té nach n-ólann ach uisge ní bíonn sé ar meisge.
Tá leachacha an toighe mór sleamhain.
Ghníthear dearmad de'n arán itthe.
Is fearr fuaigheal brachain ná fuaigheál a mhagaidh.
Is maith an té a choimheadhas a ghnoithe féin.
Níl fhios agat caidé is fiú uisge go mbeidh an tobar tirm.
Má threabhann tú an domhain bhéidh choirce agus préataí go leór le díol agat
Éist le fuaim na h-abhanna agus geobhadh tú breac.
Chá dtáinig an t-olc ariamh na ndéanfadh maith.
Is olc an teine nach dtiocfadh lásóg air.
Ar meal leis féin a gníos an cat crónáil.
Coinnigh do siopa agus coinneóchaidh an siopa thusa.
Ná bí ró-dhana ar an fhairrge.
Cam díreach an ród sé an bealach mór an aithghiorra.
Is fearr cleas amháin maith na lán mála de cleasannaí gan maith.
An té a bhuailtear sa chionn bíonn eagla air.(continues on next page)- Collector
- Gráinne Ní Shearcaigh
- Gender
- Female
- Address
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Donegal
- Informant
- Maighreadh Ní Shearcaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 44
- Address
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Donegal