School: Mágh Rua (Murroe)
- Location:
- Murroe, Co. Donegal
- Teacher: P. S. Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mágh Rua (Murroe)
- XML Page 89
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal
Bhí fear ann uair amháin agus bhí bean aige fosta. Bhí siad na chomhnuidhe leofa féin. Ní Ní rabh a gach aca ach sean capall ban. Lá amhain d'iarr an t-sean bhean ar an t-sean fhear dhul go dtí an t-aonach leis an t-sean chapall ban. Maidin lá ar na bhárach d'éirigh an fear go luath agus cuaidh sé go dtí an n-aonach leis an t-sean chapall ban. Nuair a chroic sé an t-aonach casadh fear ar as amuigh agus chuir sé ceist ar cá mhéid a bhí a dhíth ar. Dubhairt seisean go rabh naoi bpunnta a dhít ar dubhairt an fear bhéirfeadh mé seacht bpunnta duit. Thug sé an seacht bpunnta do agus fuair sé an capall agus cuaidh sé na bhaile. An oidhche sin bhí an mac agus an t-athair na suidhe ag an t-sean chapall go maidín. An lá ar na mhárach cuaidh siad go dtí an teach leis an t-sean chapall agus bhí an fear istuigh agus tug siad leofa é agus chuir siad isteach in mala é caith siad an mála ar a ndruim agus d'imthigh siad go dtí an tráigh. Nuair a bhí siad ag dul síos cuaidh siad isteach idteach ósta agus d'fhág siad an mála na luighe ar an bhealach mhór agus cuaidh siad isteach. Thainig fear thart agus cúig ceann is fiche eallaigh leis. Bhuail se buille ar an mhála agus dubhairt sé cé tá istuigh annsin. Mise atá ann arsa'n fear a bhí istuigh. Cá bhfuil tú ag dul Tá mé ag dul na flaigheas An leigfidh tú mise isteach annsin Leigfidh cinnte agus thainig an fear a bhí istuigh amach agus cuaidh an fear eile isteach agus d'imthigh an fear eile leis, leis an cúig ceann is fiche eallaigh go dtí an t-aonach Agus chaith an(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Ghearrbhaigh
- Gender
- Female
- Address
- Doire Uí Fhríl, Co. Donegal
- Informant
- Maghnus Ní Ghearrbhaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Doire Uí Fhríl, Co. Donegal