School: Más an Easa (B.) (roll number 14775)
- Location:
- Masiness, Co. Donegal
- Teacher: Prionnseas Mac Carraigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Más an Easa (B.)
- XML Page 165
- XML “Bréaga Éireann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mé gréim air, agus chuir mé mo lámh isteach in a bhéal agus thionntuigh mé an taobh dearg de amach. Chaith mé suas é ar mhullach an toighe é agus char stad mé de’n rása go dtug mé léim Easán Aoidh Ruaidh.
Bhi sean-bhean annsin agus í ag bódhar-chaoineadh. D’iarr mé uirthi caidé bhí cearr leithe.
“Caidén mhaith a innse duit-sé” ars an t-sean-bhean.
“Innis damh, agus b’fheidir go dtiocfadh rud éiginteacht a dhéanamh duit”.
“Tá mo mhac le cróchadh imbárach, mara bhfuigheann an Rí duine éigineacht a innreócas bréag do go dtugadh sé a h-éitheach trí h-uaire”.
“Dheánfaidh mé mo dhícheall do mhac a shábhail”.
[Thigh]? mé mo chosa agus mo lámha agus chuaidh mé i luighe. Ba luath a thainig lá thar na bhárach. Ba luaithe ná sin abhí mé ar mo chois. “Ta mé ag dul a chainnt leis an Rí anois” arsa mise leis an t-sean-bhean
Chuaidh mé isteach chuig an Rí,(continues on next page)- Collector
- Frank Mc Carry
- Gender
- Male
- Occupation
- Teacher
- Informant
- Mrs Anne Sheils
- Gender
- Female
- Age
- 72
- Address
- Cashelmore, Co. Donegal