School: Más an Easa (C.) (roll number 14776)
- Location:
- Masiness, Co. Donegal
- Teacher: Máire Ní Cholchuin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhaistidh bhí rud eigin a dhioghbhail ortha as an teach seo cuireadh m’athair anoir fa na choinne agus bhí mise aris. Nuair a d’fhosgail sé an seomra a rabh slat an draoideachta ann bhí a fhios agam goidé ‘n bosca [?] rabh sí ann. Leim mé suas air agus thoisigh mé ag sgríobadh. Maise a choilean uasal arsa m’athair.
Agus nuair a bheurfas tú dó é, gearrfaidh sé an ceann duit. Nuair a shínfeas tusa do é tá do cuid geasa sgaoilte. Dearfaidh sé gur deas an claidheamh é. Abair tú gur deas da mbeadh a [os]? aige goidé’n doigh le breith air. Bhearfaidh sé duit aris é le taisbeant do, agus nuair a gheobhas tusa aris bain an ceann de’ n gruagach”.
Tháinig sé abhaile agus thug sé an claidheamh do’n gruagach. Dubhairt an gruagach gur deas an claidheamh é. Dubhairt seisean gur deas da mbeadh a fhios aige goidé’n doigh le breith air. Cinnte taisbeanóchaidh tusa sin domh fosta. Nuair a [uaidh]?
Sín an gruagach an claidheamh chuige. Ba mhaith an mhaise do san. Tharraing sé an claidheamh air agus bhain sé an crann de’n cholainn. Táinig sé abhaile. Posadh é féin agus a bhean. Bhí baineas [uarach]? carach a mhair lá agus bliadhain agus [?] fhearr an lá deireanach na an cheud lá. Nuair(continues on next page)- Informant
- Séamus Ua Fearadhaigh
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Occupation
- Oibrí
- Address
- Creeslough, Co. Donegal