School: Más an Easa (C.) (roll number 14776)
- Location:
- Masiness, Co. Donegal
- Teacher: Máire Ní Cholchuin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Más an Easa (C.)
- XML Page 246
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean-Sgéal
Aon uair amháin fadó, chonnaic daoine fear ag siubhal ar an bealach-mhór. Síl na daoine go rabh airgead ag an fear seo, agus rug siad greim air. Chuir siad i mála é le é a chur ‘san abhainn, agus leis an t-airgead a fághail uaidh.
D’fag na fir ins an mhála é, agus é cheangailte ann. Tháinig fear anall chuig an mála in a rabh an fear eile, agus chualaidh sé an fear ag radh agus (agus) ag sgairtigh “Ní ghlacfaidh mé í, ní glacfaidh mé í.” Bhí iongantas mhór ar an fear, agus dubhairt sé “Goidé nach nglacfaidh tú?” “Innis damh é” Dubhairt an fear eile “[?] siad ag tabhairt inghean an ríog damh, agus ní ghlacfaidh mé í”. Ars’ an fear eile “leig isteach ‘san mála mé, agus glacfaidh mise í”. Rinne an fear sin. Cuaidh sé isteach ‘san mhála agus leig sé amach an fear eie. Cheangail an fear é ins an mhála agus chuaidh sé ar shiubhail.
Tamall beag in a dhiaidh sin, táinig na fir eile, agus shíl siad gurb’é an fear ceudna do bhí ‘san mála. Thug siad an fear leobhtha le é a bhaitheadh. Bhí brón(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Ceállaigh
- Gender
- Female
- Address
- Masiness, Co. Donegal
- Informant
- Peadar Ó Ceállaigh
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Masiness, Co. Donegal