School: Más an Easa (C.) (roll number 14776)
- Location:
- Masiness, Co. Donegal
- Teacher: Máire Ní Cholchuin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Más an Easa (C.)
- XML Page 309
- XML “An Gobán Saor”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)de agus thug sé dá mhac é agus dubhairt leis é do dhíol. “Agus ní féadsair aon bhean do phósad” adeir se “ach an bhean do bhéarfaidh craiceann na caorach duit agus a luach”. D’imthigh an mac lá’r na mháireach agus thug sé leis craiceann na caorach agus bhí sé ag gabháil siar ‘s aniar tríd an margadh agus ag fiafraighe cé thabharfadh an craiceann ‘s a luach do. Ní raibh na daoine ach ag magadh sé. Tar éis an tríomhadh lá a chur de ar an gcuma san, bhí sé ag dúl abhaile agus é leamh de féin, agus an craiceann fós gan díol aige. Bhí bean óg ag dul go dtí an tobar sé dhéin uisge agus chonnaic sí é. Bhí na mná go léir ar an aonach tar éis diúltú do’n trial a chuir an Gobán orra, ach tháinig sí seo chun an Gobán óig agus dubhairt sí leis go dtabharfadh sí féin an craiceann ‘s a luach do. Thug sé an craiceann dí. D’aimsigh sí deimheas annsan agus bhearr sí an olann de. Dhíol sí as an olann agus thug sí an craiceann ar ais do.
Tháinig an mac abhaile agus d’innis dá athair gur caradh bean óg air a thug an craiceann ‘s a luach do. “An aithneóchá airís í” arsan Gobá. “Ní aithneóchainn” arsan mac. Thug an(continues on next page)