School: Druim na Rath (roll number 12428)

Location:
Droim na Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 171

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 171

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim na Rath
  2. XML Page 171
  3. XML “An bhFuil na Sióga ann nó nach bhFuil - An Ceol insan Bhinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    muid trasna an bharr gan troiblid ar bith, nó bhí an t-uisge comh ciuin le clár. Tháinic muid i dtír i gcois na mbeann annseo, agus thosigh muid ag reithigh na líontai agus nuair a bhí an obair seo deánta againn bhí lar na hoidhche ann. Dubhairt muid annsin go rachadh muid na bhaile go mbeadh se geal ar máidin. Nuair a bhí muid leath bheallach, thosigh an gairidhe agus an greann istuigh ins an bhinn. Bhí sport ag dul ar aghaidh istuigh ins an bhinn cinnte go leór. D'fhán muid tamall ag éisteacht. Bhí an sport agus an gleo ag meadaigh achan bomaite agus an dara rud bhuail an fhidil suas port agus thoisigh an damhsa, ‘agus caidé an phort a rabh sIad a ghabhail. Caidé do bharumhail? Arsa Aodh liom. “Bhal níl fhios agam, - arsa mise.
    “Se an Bonny Hieland Laddy, a bhí acu.”
    “Cad cuige sin?” arsa mise.
    “Bhal, tá sean sgéal annseo idirinn go rabh leir iasgairi annseo as Albain ins an am fadó. Bhí siad amuigh ag iasgaireacht sgadán oidhche amháin acht thainic stoirm orthu go tobainn agus nuair a rinne siad iarraidh a theacht trasna an bharra, chuaidh roinnt mór de na badaí síos agus baitheadh níos mó no chead de na h-Albanaibh agus cuireadh iad ag bun na binne seo. Sê mo bharamhail féin go rabh na sideóga a thabhairt oidhche mhór dobhtha an oidhche úd. D'fán me-féin agus an fear a bhí liom ag eisteacht tamall, agus eagla ar gcorp orainn gan tarman ar bith a dheanamh. Dimthigh muid ins an déireadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Aodh Ó Stráin
    Gender
    Male