School: An Mhaol Rua (Mulray) (roll number 13638)
- Location:
- Duibhleann Riach, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Ó Gallcobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Mhaol Rua (Mulray)
- XML Page 83
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Tá fear 'na chomhnuidhe i dTullach anois agus maidin amháin d'fhág sé Tullach agus siubhal sé go Rath-Bhótha (35 míle).”
(continued from previous page)seal gearr ó shon. Eamon Ó Docartaigh an t-ainm a bhí air. Bhí sé an mhaith ag rith.
Lá amháin bhí rasaí in Daire agus bhi an fear a b'fhearr le rith ann dar b'ainm Pratt.
D'fág Eamon an bhaile go luath agus siubhal sé go Daire (40 míle). Bhí rasa míle ann agus bhi Eamon agus Pratt ag dul a ractal ann.
Bhí rud mor thart ar faithche áit na rasaí agus leim an Pratt thar é acht crom Eamon faoi.
Thosuigh an Rasa agus cuadh síad thart dá theit (times) béal agus srón le na chéile
Sá dheireadh sgairt fear as Carraigh amach "Anois a Dhochartuigh, in onoir do Shean Dún na nGall"; agus thug an Dochartach aon léim amhain un tosaigh agus ní rabh Pratt abalta a coingbeal suas leis.
Nuair a bhí an rása críocnuighthe léim an Docartach thar an teorrann ar an fhaithche acht ni rabh Pratt abalta sin a dhéanamh cé go dtearn sé é a dtús baire.- Collector
- Pádraig Mac Suibhne
- Gender
- Male
- Address
- Duibhleann Riach, Co. Donegal
- Informant
- Máire Mac Giolla Brighde
- Gender
- Female
- Age
- 40
- Address
- Duibhleann Riach, Co. Donegal