School: Doire Chasáin (roll number 15239)
- Location:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Teachers: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seanchas i dtaoibh na h-aimsireIs maith an comhartha é an ghrian a fheiceail ag gabhail sios iongantach glan, mar bíonn fhios ag gach duine go bhfuil aimsear mhaith ag teacht, acht nuair a théigheann an ghrian a luighe go tapaidh sin comhartha go bhfuil aimsear olc ag teacht. Bíonn fhios ag gach duine fósta nuair a bhíonn fáinne thart ar an ghealaigh go bhfuil stoirm ag teacht. Bíonn loinnear as na realtógaí ar theacht an stoirm, agus bíonn scamaill mhóra ins an spéir. Nuair a bhíonn bogha baistighe ins an spéir ar maidín sin comhartha go bhfuil aimsear olc ag teacht, acht nuair a bhíonn bogha báistighe ins an speír ins an trathnóna sin comhartha go bhfuil aimsear maith ag teacht. Nuair a t-chidheann muid an tóit ag gabháil in áirde díreach ins na tóighthe, bíonn fhios againn gur droch aimsear atá ag teacht. Fósta nuair a tchídheann tú na h-éanacha ag éiteall go h-íseal agus iad ag gabhail ins an fháirrge sin comartha go bfuil droch aimsear ag teacht.(continues on next page)
- Collector
- Gráinne Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Informant
- Seamus Ó Ghallcobhair
- Gender
- Male
- Age
- 83
- Address
- Doire Chasáin, Co. Donegal