Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 200
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Pósáidhthe.Ní phósfadh duine ar bíth i mí na Bealtaine i bhfad o shoin mar go rabh an mhí sin mí-adhbarach. Bhíodh na daoine ag déanamh cuid mhór cleamhnais. Nuair a phósadh daoine, béarfad lucht na bainse cupáin, plátaí, troscán toighe, im, uibheacha, agus muic fheoil, dobhtha mar pronntanas. Ins an oidhche a phósadh iad agus béadh muinntir na tuaithe uilig leobhtha. Bhéadh fear ina neasc agus buideál uisge beatha leis. D’ólfadh gach duine braon dé’n uisge bheatha, agus bhéadh siad uilig ólta. Bhéidh an bhríghdéog agus an fear comh h-ólta sin agus nach mbéadh siad ábalta na focla a rádh indiaidh an t-sagairt. Ní chritheadh an bhríghdeóg a dath glas mar go rabh sé mí-adhbharach. Is iomdha uair a goideadh an bhríghdeóg. Ní éadach geal a bhéadh ar an bhríghdeóg an t-am sin mar atá anois. Mhairfeadh an bainis cupla lá agus bhéadh gach duine ann ag déanamh gach uile cineáil spóirt agus aoibhneas. Bheadh féasta mhór réidh do gach agus d’itheadh siad a sáith. Ní bhéadh duine ar bíth ábalta a dhath a dheánamh bheadh siad comh claoidhte sin indiaidh an bhainis. Bheadh cuid acu comh ólta sin agus go mbéadh siad ag cur troda ar lucht na bainse. Bhéadh siad ag briseadh fuinneogaí an toighe agus ag cáitheamh cloch ar an teach.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Gráinne Ní Dochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dumhaigh, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Dumhaigh, Co. Donegal