School: Doire Chasáin (roll number 15239)
- Location:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Teachers: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Breágaín agus caitheamh aimsire.Sé an caitheamh aimsire atá ag na gasraí beaga na ag deánamh bádaí beaga de stáin agus ag cur cleiteacha beaga agus seoltaí de shean éadach ortha agus annsin nuair a thigeadh la gaoithe bíadh siad ar siubhail ar chosa in-áirde chuig loch leis na bádaí a cur ag snamh. Bíonn cuid eile acu ag déanamh garraidhe beaga agus ag cur preataí, agus coirce de gach seort, agus bíonn cuid eile acu ag deanamh gáistí le éanacha na speíre a fhághail agus nuair a gheibheadh siad éan no beirt cuireann siad isteach i gcás é. Bíonn cuid eile acu ag gabhail thart ó áit go h-áit le píosaí beaga de adhmad ag deánamh gluaisteán dóbhtha. Ní bhíonn bhreagáin chéadna ag na cáilíní, agus bíonn ag na buachaillí. Caitheann na cáilíní a n-am ag imirt le babogaí beaga. Gnidheann cuid aca babógaí de páipear dearg agus de shean árdach agus annsin ghnídheann siad gunaí beaga dobhtha. Gnidheann cuid eile tóigthe beaga de cípíní agus cuireann siad píosaí beaga de adhmad isteach ionnta, agus deireann siad gur [cathroireacha]? ionnta. Gnidheann cuid eile cliabhain de adhmad agus cuireann siad na Babógaí isteach ionnta agus annsin bíonn siad a [m-bugadh]? ó thaobh go taobh ag iarraidh iad a cur ina gcodladh.
- Collector
- Gráinne Ní Gallcobhair
- Gender
- Female
- Address
- Doire Chasáin, Co. Donegal