School: Doire Chasáin (roll number 15239)
- Location:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Teachers: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Chasáin
- XML Page 234
- XML “Ainmhithe Allta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ainmhidhte Allta. Fad ó shoin bheadh cuid mhór ainmidhte allta thart fá'n áit seo mar bhí cuid mór coillte ann. An leomhan agus an madadh ruadh agus an coinín agus an mactíre bheadh siad sa'n ins an tír san am sin agus sgriosadh siad an bárr ar na daoine. Tá dúil mhór ag na coiníní ins na turnaipí agus ins an cháil. Tá an madadh ruadh iongantach cliste agus marbhuigheann sé cuid mhór cearc agus cuid mhór lachain. Uair amháin cuaidh madadh ruadh isteach i gcró cearc i bpoll beag a bhí ar an bhalla agus d'ith sé cuid mhór de na cearca. Annsin thug sé iarraidh a ghabhail amach arais agus ní rabh sé abalta mar bhí sé ró reamhar. Ar maidin thainic bean a toighe amach i na cró fuair sí an madadh ruadh i na luighe sa cro, agus thug sí iarraidh é a chur amach agus ní rachaidh sé amach ar chor ar bith. Leig sé air féin go rabh sé marbh. Nuair a connaic sí na rachaidh sé amach dí d'imthigh sí fá coinne spáid agus nuair a thainig sí arais bhí an madadh ruadh ar siubhail.(continues on next page)
- Collector
- Seán Uí Canann
- Gender
- Male
- Address
- An tArd Bán, Co. Donegal
- Informant
- Micheal Ó Siadhail
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- An tArd Bán, Co. Donegal