School: Doire Chasáin (roll number 15239)
- Location:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Teachers: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Chasáin
- XML Page 247
- XML “Lucht Siúil”
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)247sin ór na athair sa'n bliadain 1824.
- Toibreacha Beannuithe.Tá tóbar beannuigh amháin ins an Condae seo darbh ainm tobar an Dúin agus téigheann daoine ann go minic insan t-Samhraidh le guidhe. Téidheann daoine ann fosta le iad a léigheas. Téidheann daoine ann le uisge coisricthe a fhaghail. Fágann daoine rudaí na ndiaidh ag an tobar sin fosta. Bhí tobar ar an Chnoc Mhór agus gníodh na daoine usaid de le pianta cnamh a léigheas. Bhí ceann eile i lag na Coille agus dá rachaidh thart trí h-uaire fan tobar agus a ghabail isteach ann bheitheá léigheasta. Tá toibhreacha ann fá coinne daoine a léigheas ar ghalair croidhe. Bhí tobar thoir ar an Chorrach agus dá gcraicheá an t-uisge trí h-uaire ar dó ceann le tinneas cionn bheitheá léigheasta. Níl na toibreacha comh fairsing ins an Pharoiste sa’n am i lathair agus a bhí siad i bhfad ó soin. Bhí tóbar beannuithe i bpáirc le Seán Mac Giolla Bhrighde agus dá mbaintheá do chuid bróg duit agus do cuid cos a nighe ann le pianta cos léigheasfadh sé thú. Bhí ceann eile i Lag an Chaisil agus bhí sé maith le thú a leigheas ar dó croidhe.(continues on next page)
- Collector
- Gráinne Ní Dhochartaigh
- Gender
- Female
- Address
- Dumhaigh, Co. Donegal
- Informant
- Sean Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Dumhaigh, Co. Donegal