School: Doire Chasáin (roll number 15239)
- Location:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Teachers: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Chasáin
- XML Page 295
- XML “Seanfhocail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean focail.“Mas glas na cnuic i bhfad ar shiubhal ní féar uilig atá ionnta” Cialluigheann sin má amharcann na cnuic glas nuair a bhíonn tú i bhfad uatha ní an féar a bheir ortha amharc glas. “Is iomdha duine a bhain slat a thug i griosail mhaith dó féin”. “Go mairid tú agus go gcaithfidh tú a’s go bpósfaidh tú ann. Deirtear sin le duine nuair a gheibh sé culaith no bróga úra. “A fhad is ritheas an madadh ruadh beirfear air sa’n deireadh. “Cialluigheann sin is cuma comh glic is a bhíonn an gaduidhe, beirfear air sa deireadh. “Go gcuiridh Dia rath ort. “Deirtear sin le duine a ghnidheann gar duit. “Is doiligh briste a bhaint de thóin tharnocht.” Deirtear sin le duine a bhíonn ag iarraidh rud ort nach bhfuil agat. “Ní hé lá na gaoithe lá na scolb”. Cialluigheann sin ní hé lá na gaoithe móire an lá is cóir duit a bheith amuigh ag cur toighe ar do theach no ag cur isteach coirce no ag déanamh a dath mar sin. “Duine gan teanga duine gan mait.” “Is fearr cara sa’n chúirt na airgead sa’n sparan.” Cialluigheann sin gur bhfearr do dhuine cara comhgarach do na a sparan a bheith lá airgid, “An rud is annam is(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Gorta Mór, Co. Donegal
- Informant
- Domhnall Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Address
- Gorta Mór, Co. Donegal