School: Carraig Airt
- Location:
- Carraig Airt, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Phaidín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Carraig Airt
- XML Page 172
- XML “Longbhriseadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)duine amháin aca agus thug seisean iarracht duine eile a shabhail ach ní rabh sé ábalta é a thabhairt isteach sa bhád. Bádhuigh naoi dhuine dhéag aca. Tá amhrán déanta fa dtaobhfa anois.An Mhaol Ruadh.Tá fhíos ag an t-saoghal nach bhfuil iasg le fághail ins an Mhaol Ruadh cé go bhfuil siad go fluirseach ins an t-Suiligh taobh shoir agus i gcuan na long ar an taobh thiar de. Tá seo amhlaidh o am Cholmcille ag treastail na [áre]? agus tháinig sé go dtí an Mhaol Ruadh agus é tuirseach ocrach. Bhí iasgairí na Maoile Ruaidhe amuigh ag iastaireacht agus ní bhuair siad ach cúpla bradan. Chonnaic siad Colmcille ag teacht dubhairt duine aca sin Colmcille ag teacht. D’iarr an duine eile ortha na brádain a cuir i bhfolach mar nach rabh morán leo agus go mbéadh sé a iarraidh ceann agus ní rabh aon ceann le sparáil. Tháinig Colm fhad leo agus dubhairt sé an bhfuair sibh dadaidh. Ní bhfuair ar siad san. Bhí fhíos ag Colm gur ag innse bréag a bhí siad agus dubhairt sé mur bfuair sibh go bhfághaidh sibh acht ma fuair sibh na fhághaidh sibh a choidhe agus char bfhuaras breac no bradan o shoin in uisge na Maoile Ruaidhe ó’n lá sin go dtí an lá indiu.
- Informant
- Antoine Ua Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Glassan, Co. Donegal