School: Carraig Airt
- Location:
- Carraig Airt, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Phaidín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Carraig Airt
- XML Page 181
- XML “Scéal ar Naomh Colm Cille”
- XML “Próca Óir”
- XML “Comharthaí na hAimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)(Sgéal ar Naomh ColmCille)dtí an lá indiu gan amadán do bheith ann.
- Fad ó shoin bhí daoine i nGleann Riogh agus bhí siad iongantach saidhbhear. Bhí próca óir aca agus ní rabh fhios aca caidé'n áit a bhfagfadh siad é.
Bhí daoine dar bh'ainma lochlannaigh ag teacht i nÉirinn san am sin. Aon lá amháin chuaidh na daoine seo amach ag siubhal. Bhí na lochlannaigh ag tabhairt achan rud a bhfuigheadh siad leobhtha, agus an rud chá dtiocfadh leobhtha a iomchar dóghadh siad é.
Chualaidh na daoine i nGleann Riogh go rabh na daoine seo ag teacht acht ní rabh fhios aca caidé'n seórt daoine a bhí iontá. Chualaidh siad na sean-daoine ag radh go rabh siad ag goid achan rud. Thóg siad an próca óir mar go rabh na lochlannaigh ag teacht an bealach. Chur siad an próca óir idir dhá thóbar a bhí i nGleann Riogh agus tá sé ann go fóill.- Informant
- Niall Ua Duibhir
- Gender
- Male
- Cómharthaí na h-Aimsire.Droch-Aimsear. Gailleann teacht na droch-aimsire ar lucht dathacha agus sean-chneadha: tagann pianta géara ortha. Iad seo go mbíonn fadharcán orra, bíonn a mbróga a luighe orra. Toisigheann éanlaithe snáimh ar iad féin do searradh agus ar a sciatháin do bhualadh agus bíonn siad ag glagarnaigh le h-áthas. Sceineann fáinleoga go hana-íseal ins an aer.(continues on next page)