School: Carraig Airt
- Location:
- Carraig Airt, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Phaidín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Carraig Airt
- XML Page 185
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá’n Franncach bocht sásta ag ól a chuid fíona,
Le “lager” tá’n Gearmanach sámh ann a glóir,
Tá’n Sacsanach sanntach go síosruidhe ag caoineadh,
Má tá sé aon lá gan a dhóthain de bheair.
Bíadh ag gach duine a dheoch fhéin san ghloine
Is cuma má’s lionn é, má’s beoir í nó fían
Acht na faluigh mo dhorn a choidhche le corn
Acht corn maith maiseach de scaith an Phoitín.
Óir ó! sé mo dúil é; sé solas mo shúil é.
Mo saidhbhreas mo lan é ‘nuair atá mé gan pigheann,
Mo leigheas ar gach lean é; mo shonas a moran é.
‘sé beatha an domhain é - mo ghloine “phoitín”.
(Reply).
A sclábhuidhe urraim - a sclábhuidhe ‘ré deirm.
Gur olc, olc a teagase a thuit ó do pheann
Mo thruaigh ar an athair, mo bhrón ar an mháthair
A admhuigheas thusa ‘meas gcunntais a gclann,
Mo ghráin ar an duine a mholas an gloine
Tá líonta le beoir, nó tá líonta le fíon
Acht go cinnte ní beannacht tá leis-sean a fanacht
A ghrádhuigheas gloine de scait an “Phoitín”.
Óir ó! sé mo dhúil é; sé solus mo shúil é.
Mo saidhbhreas mo lon é ‘nuair atá mé gan pigheann
Mo leigheas ar gach lean é; mo shonas a morin é.
‘sé beatha an domhain é - mo ghloine “phoitín.