Scoil: Tearmonn (uimhir rolla 14194)
- Suíomh:
- Termon, Co. Donegal
- Múinteoir: Aodh Ó Duibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tearmonn
- XML Leathanach 302
- XML “Seán Crosach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear aon uair amhain ann darbh ainm Seán Crosach. Bhí rothaire aige igcomhnuidhe agus nuir a chasfaidh fear air a mbéadh airgead aige ní shileadh sé móran de'n fhear a sgaoileadh agus an t-airgead a thabhairt leis.Ach ní rabh sé go h-olc sin ar fad. Nuair a chasadh sé ar dhuine bhocht, bheirfeadh sé cuid do'n airgid do, ach congbhóchadh sé go leor do féin.Nuair a chualaidh sé go rabh an tóir ag teacht, thug sé leis an t-airgead amach go dtí gleann mór uaigneach atá amuigh sa "gap" atá ar taobh ó thuaidh de chnoc Srathgradhaidh. Rinne sé poll mór sa'n ghleann. Chuir sé an airgid síos in's an pholl agus sílim go bhfuil an tairgid annsin go fóill.Bheireadh ar Seán. Cuireadh 'un na phriosúin is. Thugadh go Leithbhearr is, agus rinne an dlígheadóir amach gur ceart is a chrothadh. Déirigh Seán agus chuir sé cheist, "an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheal Ó Ceanainn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Srath Greadaithe, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Donncadh Mac Griana
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Srath Greadaithe, Co. Donegal