School: Tearmonn (roll number 14194)
- Location:
- Termon, Co. Donegal
- Teacher: Aodh Ó Duibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tearmonn
- XML Page 314
- XML “Seaghan Crosach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí gaduidhe am amhain dar b'ainm Seaghan Ó Maoileann acht se an t'ainm a bhí ag na daoine air Seaghan crosach badh ghnathach leis an tairgead a ghoid ó na daoinibh saidhbhre agus roinn leis na bochta. I gconndae Doire [?] a rugadh Seaghan acht badh minic a bhéadh sé i nDún-na-nGall.
Aon oidhche amhain bhí Seaghan i sleibhtibh Tír Chonaill agus bhuail sé isteach i dteach mar bhí loisdín a dhith air ar feadh na h-oidhche. Bhí muinntir an tighe caoidheamhail leis. Thug siad a shuipear do.
Ag am luidhe d'innis fear an tighe do Sheaghan go rabh an tighearna talaimh le theacht lá thar na bharach agus go gcuirfidh iad amach as a mbaile mar nach rabh siad abalta an cíos bliadhain-teamhail a dhíol.
Chuir Seaghan a lámh 'na phóca agus chunntas sé síos fiche gíní do fhear an tighe. Bhí muinntir an tighe an-bhuidheach do nidh-na-hiongadh. Lá ar na bhárach nuair a thainig an tighearna bhí an fear i ninnibh an chíos a dhíol. Chuaidh an tighearna abhaile go sásta an bhealach mór. Bhí coill mhór ar thaoibh an bhothair agus i mbomaite bhí an(continues on next page)- Collector
- Máire P. Ní hAelfeartaigh
- Gender
- Female
- Address
- Knocknabollan, Co. Donegal
- Informant
- Cathal Ua Gallchobhair
- Gender
- Male
- Address
- Loughaskerry, Co. Donegal