School: Tearmonn (roll number 14194)
- Location:
- Termon, Co. Donegal
- Teacher: Aodh Ó Duibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tearmonn
- XML Page 399
- XML “Creag an Dúin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá sé suidhte ar an Dún, i bparoiste an Tearmoinn ar imeall an bhealaigh mhóir, ag taobh Tobar an Dúin. Tá stair arsa agus féimeamhail ag an chreig cheadna.Badh ar an chreig seo a chuirtí an coroin ar ríghte Thír Chonaill, ó aimsir Chonall Ghulbain; an chead Rí a cuireadh an coroin air sa Chondae, anus go dtí aimsir Aoidh Ruaidh O Domhnaill.Badh é Cathair Óg Ó Docharthaigh, rí Innis Eoin, an Rí deireannach a cuireadh an coróin ar (?) an Creag an Dúin.Tá sean Mhainistir suidhte ig Cill-mhic-nEanainn, a bhfuil trácht air sa sgéal atá ag baint leis an tÁrd Léíghtheór Ua Frighil.Badh é Abb na Mainistreach sin a chuireadh an Coróin ar Righte Thír Chonaill, o aimsir Cholmcille anuas.Chuireadh an tAbb slat saileóige chomh bán leis an tsneachta, i láimh an Riogh. Thionntóchadh an Rí thart an fíor mhullach na Creige, d'amharcódhadh ins na ceithre Áird agus é ag congbhailt greama ar an tslat bhán os coinne Clann Conaill.Annsin chuireadh an tAbb an coróin ar Rí Thír Chonaill.(continues on next page)
- Collector
- Aodh Ó Duibhne
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir