School: Cruach Ros (roll number 15532)
- Location:
- Croaghross, Co. Donegal
- Teacher: Colm Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cruach Ros
- XML Page 031
- XML “Scéalta Grinn”
- XML “Scéalta Grinn”
- XML “Scéalta Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cailín aimsire siar go Ros ná Cille le feiceal an rabh siad thart. Cailín simplidhe a bhí innntí agus chuaidh sí siar agus isteach sa bhearaic. Dubhairt sí go rabh a maighistear ag dul a dhéanamh poitín agus chuir sé í siar go bhfeicfeadh sí an rabh siad fa theach. Cheistigh ná poilíní í agus fuair amach ainm a mhaighistire agus fuair siad greim air.
- 8) Bhí bean annseo le beagan léíghinn. Chuaidh sí go dtí an maighistear scoile le leitir a scriobhadh duithe. Nuair abhí deireadh scríobhtha aige d'fhiafruigh sé dúithe an rabh rud ar bith eile ar mhaith léithe cur síos. Dubhairt sí nach rabh acht go díreach le rádh a pardún a ghlacadh fa droch-scríobhneoracht agus foclaí leitruighthe mí-cheart.
- 9) Fuair fear as seo ólta i nDoire agus chaill sé a traen. Chuaidh sé isteach i roilig agus codluigh inaice tumba. Ar maidin mhusguil sé agus d'amharc thart. Arsa seisean, "Bhí mé mall ag an traen aréir agus anois tá mé mall dó Lá an Bhreitheamhnais."