School: Caiseal (2) (roll number 15393)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal (2)
- XML Page 400
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí trí bhean i Rosgoill am amháin agus bhí a gcuid fear i Sasan ag déanamh Foghmhar. Chuaidh siad chuig Tighearna leis an cíos a dhíol. Dubhairt an Tighearna leo dhul na bhaile agus cé bith aca a dheanfadh amadán de na fear go maithidh sé an cíos díthe. Annsin chuaidh siad na bhaile agus achan bean ag smaoithiughadh caidé an doigh is feárr a dheánfadh amadán de na fear. A chead bhean ag d'fhiach leis, chuaidh a fear amach lá amháín a bhuint adhbhar bascoide sa choillidh. Nuair a bhí sé amuigh chóirigh an bhean í fhéin i n-éadaigh (?) nach rabh ariamh uirthí. Nuair a tháinig an fear isteach d'fhiafruigh sí dó caidé bí sé a cuartadh. Dubhairt sé nach rabh sé ag iarraidh dadaidh ach a theach fhéín. "Biodh ar shiubhal sul a gcuirfidh mé fá choinne na bpolice ort," ar sise. D'imthigh sé ag cuartadh a theach fhéín agus ní tháínig sé arais go rabh an oidhche ann. An dara bean a d'fhiach leis nuair a tháinig a fear isteach ar maidín fuair sí greim sa doras air agus ar sise, "a Bhriain caidé tá ort. Tá'n bás i láthair ort is gabh a luighe go gcuirfidh mé fá choinne an t-sagairt," agus fuair sé bás. Bhí faire air. Chuaidh an tríomhadh fear agus a bhean go dtí an fhaire agus d'fhan siad go rabh sé mall san oidhche. Chuaidh siad na bhaile agus dubhairt an fear nár bhfiú do a(continues on next page)
- Collector
- Suibhán Ní Fhríghil
- Gender
- Female
- Address
- Tulaigh Chonaill, Co. Donegal
- Informant
- Diarmuid Mac Giolla Bhuí
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tulaigh Chonaill, Co. Donegal