School: Caiseal (2) (roll number 15393)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal (2)
- XML Page 461
- XML “Aimsir na Géarleanúna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo an t-am a bhí na sagairt ruchailte ag cuid saighdiúirí Chromail, aimsir an Persection. Chá dtiocfadh leobhtha an t-Aifreann a léigheamh ins an t-Seipeál nó muirthí iad, agus bhí aca an t-Aifreann a léigheamh i n-áit uaigneach, amuigh faoi'n spéir.Bhí sagart Domhnach amháín a léigheamh Aifreann i gcúl Chnoc-Baile-Thaobh-Rúsgaidh. Tháinig trí saighdiúirí isteach i gcap ortha dárbh ainm, Séon Delap, Séon Cuinnighham, agus Séon Sproule. Marbh an trí Séon an sagart agus an méadh a bhí i láthair ag an Aifreann ach bean amháin. Luigh sí idir beirt a bhí marbh gur cuaduigheadh í le fuil. Shíl siad go rabh sí marbh fosta.Theich fear amháin nuair a bhí siad uilig marbh dárbh ainm do Séan Ó Siadhail agus léan na saigdiúirí é casán na fairrge agus bheireadh air istoigh i sgeilpe sa bhinn. Bhí an sgeilpe fairsinge ar íochtar agus chuan ar uachtar agus chuir fear de'n na saighdiúirí a ghunna treasna ar mhullach na sgeilpe. Chuir siad rópa ar an ghunna agus chroch siad an fear thíos ins an sgeilpe. Baisteadh "Sgoilt an Duine," ar an áit. Tá a gcuid cnámha le fághail san gainimh agus a gcuid Chóróineach Mhuire agus na cnaipe a bhí air a gcuid éaduigh le fághail ó'n lá sin go dtí an lá atá ann indiú.(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Dhorráin
- Gender
- Female
- Address
- An Caiseal, Co. Donegal
- Informant
- Seán Ó Feicheallaigh
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Caiseal, Co. Donegal