School: Caiseal (2) (roll number 15393)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal (2)
- XML Page 507
- XML “Oícheanta Áirithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fágann siad an doras fosgailte le caoi a thabhairt do na mairbh a theacht isteach agus iad féin a téigheamh.
Aoine an ChéastaAr Aoine an Chéasta, cuireann na daoine na préataí lucht. Ar Aoine an Chéasta téígeann na daine chuig tobar beannuighthe, téígheann muinntir Fánaidhé siar go dtí tobar Dumhach Mhóir (Tobar Naomh Bhudog) agus ólann siad cupla deoch amach as an tobar, agus beireann siad cupla buideal as an tobar leo. Téigheann na daoine siar 'un tobair ar maidín agus ba gnathach leo troscadh a dheanamh go dtí an dó dhéag an lá sin, nó go ndeanaidh na leinbh trí scréad leis an tocras. Níor chóir daobhtha a cuid gruaige a cíoradh ach oiread.
Domhnach CáscaAr maidín Domhnach Cásca, éirigheann cuid de na daoine go han luath agus beireann siad lán seála tin d'uisce, nó lán beasún go bfeicfidh siad an ghriain ag damhsa ann. Bíonn an grian ag damhsa le luthghair an mhaidín sin, de bhrigh gur ar an mhaidín sin a d'éirigh Íosa Críosta ó mharbhaibh.(continues on next page)- Collector
- Maighréad Nig Reannacháin
- Gender
- Female
- Address
- Gort na Trá, Co. Donegal
- Informant
- Máire Bean Mhic Reannacháin
- Gender
- Female
- Age
- 45
- Occupation
- Oibrí tí
- Address
- Gort na Trá, Co. Donegal