School: Caiseal (2)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal (2)
- XML Page 121
- XML “<span class="exact">Cúram</span> <span class="exact">na</span> <span class="exact">gCos</span>”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cá rabh bróga ar bith ar an chuid is mó de na daoine ins an tsean-aimsir. Na daoine a bhí bróa ortha bhí siad déanta amahc as croiceann ainmidhthe fiadhaine.Chá bíonn acht paistí sgoile cosnocht anois, tamall ins an t-samhradh. Ins an tsean-aimsir bheádh na daoine chomh mhór agus bhéádh siad ariamh sul a gcaiteadh siad bróga.Nigheann cuid de na daoine a gcuid cosa le uisge fuar agus sópa agus nigheann cuid eile aca iad le uisge te agus fuair fridh a chéile agus le sópa fósta. Caithtear ar siubhal an t-uisge a nightear na cosa leis.
Snidheann Seán Mac Ghiolla Cheara as Cúl Beag agus Páidraig Ó Griobhtain as Iomaire Cam bróga.
Chait na daoine sa tsean-aimsir bróa le bonn ádmaid. Rinne na greasuidhthe iad dóbhtha. Chá gcaitheann a duine iad acht na "Hikers" anois. Cár leasuigheadh leathar ar bith ariamh san áit.(continues on next page)- Collector
- Nóra Nic Giolla Cheara
- Gender
- Female
- Address
- Dumhaigh Mhór, Co. Donegal
- Informant
- Seán Mac Giolla Cheara
- Gender
- Male
- Age
- 54
- Address
- Dumhaigh Mhór, Co. Donegal