School: Boltifree (roll number 9764)

Location:
Buailte Fraoigh, Co. Donegal
Teacher:
Máire E. Nic a Teachlain; Áine E. Ní Ghallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1093, Page 201

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1093, Page 201

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Boltifree
  2. XML Page 201
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí fear uasal ann i bhfad ó shoin agus chuaidh sé amach a sheilg.

    (continued from previous page)
    ghasúr agus arsa seisean. “Seo lorg mo láimhe agus is mise do athair baistidh”. “Anois caidé mar a tháinig sé go dteachaidh an cupa seo in do (bo) mhála” arsa seisean. Dubhairt seisean nár chuir sé ins an mhála é agus nach rabh fhios aige dadaidh fá dtaoibh de, nach rabh dóigh ar bith le é a dhul ann, macha go b’iad na searbhóntaighe a thug an t-ól dó a chuir ann é. Thug sé leis na baile annsin é. Coinnigh sé cúirt ar an bheirt searbhónthaighe agus d’admhuihgh siad i gcortha. Chroch sé an bheirt. Ní sgarfadh an bhean uasal leis an bhuachall ar ór nó ar airgead. Thug siad leobhtha a athair agus a mháthair agus an chuid eile dé’n teaglach. Chuaidh an droch uair thairis le h-urnaighe agus crochadh na buic a chuir an boul óir isteach i mála an bhuachaill. “Mas iadsan atá, tháinig mise ar an chlochán, báitheadh iadsan agus tháinig mise.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Age
    16
    Address
    Cró na Doinne, Co. Donegal
    Informant
    Anna Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Age
    59
    Address
    Cró na Doinne, Co. Donegal