School: An Cuimín (roll number 6162)
- Location:
- An Coimín, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cuimín
- XML Page 011
- XML “Orthaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá cuid mhór órthaí ag na sean-daoine fa'n áit seo. Ní thabharann na dochtúirí nó an Eaglais isteach(?) dóbhtha acht tá léas ionnta má bhíonn muinghín ag an té atá dá bhfághail go dtiocfaidh biseach air. Tá órtha ag na daoine do chuid mhór rudaí mar órtha an leónta(?), órtha an déididh(?), órtha an ruaidh, órtha dúlagan, órtha an chait bhrághaid.
Tá cuid mhór daoine a bhfuil órtha an ruaidh aca. Gheibh siad giota beag ime agus téigheann siad ar a gcuid glúna agus deir siad focla no paidreacha eighinteacht os a chionn. Léasfaidh seo an ruaidh má tá muinghín ag an té a bhfuil sé ortha go léasfaidh sé é.
Thig an léas seo a dheanamh as diosta a bhíonns ar an urlár leis na paidreacha céadna a rádh. Nuair a bhéadh an duine a mbéadh na órthaí seo aca ag fághail bháis thiocfadh leis an órtha a thabhairt do dhuine eighinteacht eile.- Collector
- Anna Ní Bhaoghaill
- Gender
- Female
- Age
- 15
- Address
- Cloghan, Co. Donegal
- Informant
- Pádraic Ó Muighe
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cloghan, Co. Donegal