School: An Cuimín (roll number 6162)
- Location:
- An Coimín, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seán: Is é mó bharamhail-sé gurbh í Connacht cruithneacht Éireann nó is í is mo a labharanns an Ghaedhilg.
Seamus: Cad chuige a ndeir tú sin, ar ndóighe tá oiread(?) Gaedhilge ag bunadh Thír Chonaill agus atá ag duine(?) ar bith eile in áit ar bith 'san Ghaedhealtacht?
Seán: Deirimsa gur ag na Connachtaigh atá an Ghaedhilg is fhearr no tá Gaedhilg aca ar achan fhocal, níl sí cosamhail le Gaedhilg - briste Thír Chonaill.
Seamus: Maise bhí mise mé fhéin i gCúige Connachta ar féadh cupla lá anuraidh agus ní thiocfadh liom aontughadh leó fa leath na focla - Gaedhilge a bhí acu. Labhair tú cheana fein fa Ghaeilg briste Thír Chonaill. Is doiligh do chuid de mhuintir(?) Thír Chonaill an Ghaedhilg is fhearr a bheith aca agus gan acht Conndaecha Galldacha taobh amuigh díobhtha.
Seán: Is cuma sin, dá mbéadh spiorad ceart na Gaedhil(?) ionnta ní dheanfadh na Gáill dochar ar bith dobhtha.
Seamus: Nach bhfeiceann tú an saothar a rinne bunadh Thír Chonaill le cupla bliadhain leis an Ghaedhilg a chur chun cinn. Nach bhfeiceann tú na leabharthaí(?) Gaedhilge a scríobhadh mar "Cora Cainnte Thír Chonaill" agus Céad de Cheóltaibh Uladh" agus morán eile. Achan pháipéar(?) Éireannach a thógas tú tá giota ionnta ag moladh do na daoine tuilleadh leabharthaí a scríobh(?) i nGaedhilg Thír Chonaill. Ar ndóighe nach bhfuil (?) ag taisbeant go bhfuil meas mór ar Ghaedhilg Thír Chonaill(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Bhaoghaill
- Gender
- Female