School: An Cuimín (roll number 6162)
- Location:
- An Coimín, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cuimín
- XML Page 036
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí dhá fhear amuigh ar an bhealach-mór lá amháin agus bhí siad an-bhocht.”
Bhí dhá fhear amuigh ar an bhealach-mhór lá amháin agus bhí siad an-bhocht. Cas fear eile ortha agus dubhairt sé leobhtha an bhfearr leobtha grásta an Rí nó píosa sé pighinn. Dubhairt duine aca go bhfearr leobtha piosa na sé bpighinn ?
a bhí ins an fear a dubhairt ? gaedhil a bhí ? fear eile dubhairt an gaedhil bhfearr leis grasta an Rí. Nuair a chuala na fir eile seo pioc siad na suile as ag dfhag siad annsin é leis féin. Nuair a thainig an oidhche siubhail sé ar a cosa agus a laimhe thainig se comh fada le sean bothan chuaidh isteach ann nuair a thainig an oidhche ag an ? ó clog tainig cuid mhóir chaith fiadhain isteach. D'iarr ceann ar an ceann sgéal a innse. Thoisigh sí. Dubhairt sí go rabh caisleán suas ann sin go rabh rí agus a nigheann ann agus go rabh an nigheann tinn ó rugadh í agus rabh dochtuirí na tíre ag tabhairt aire dithe. Thiocfadh liom-sé biseach a chuir orthi in am goireadh. Cáide an doigh ars na cait eile. Tá maise, ta tobar igcill an caisleann da bfhuigeadh sí dioc uisge béadh biseach uirthi arais. Duine ar bith a bheadh dall tiocfadh leis ant-uisge a cumilt ar a shuile agus bheadh an t-amharc aige. Dimthigh siad arais. Dimthigh an fear go dtí an tobar cumil an t-uisge ar a suile. Tog sé cupan de. Chuaidh sé isteach go dtí an caisleann. Bhí daoine(continues on next page)- Collector
- Pádraig Mac Fhloinn
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- Cloghan, Co. Donegal
- Informant
- Brigid Ní Fhloinn
- Gender
- Female
- Address
- Cloghan, Co. Donegal