School: An Cuimín (roll number 6162)
- Location:
- An Coimín, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cuimín
- XML Page 044
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí fear ina gcomhuidhe i mBaile na Finne uair amháin agus ní rabh sé ag faoisidín le seacht mbliadhna.”
Bhí fear ina gcomhnuidhe i mBaile na Finne uair amháin agus ní rabh sé ag faoisidín le seacht mbliadhna. Thainig braithre naomhtha go dtí an áit agus rinn sé suas a intinn go rachaidh sé ag faoisidín. Chuaidh. Nuair a chuaidh sé isteach go bocsa an fhaoisidín sé an cead rud a dubhairt sé. A Athair ghoid mé rópa. A, ars an sagart ní peacadh mór é sin acht is minich a chualaidh muid nar cheart do duine bioran a thógail. Lean ort anois ars an t-saghart. Bhí bó ag ceann an ropa ars an fear. Go bfoiridh Dia orainn ars an t-sagart caithfidh tú aisíoc a dheanamh. Caithfidh tú an bó a tabhairt aráis. Ní thig liom í a thabhairt aráis dhíol mé í, ars an fear. Caithfidh tú a luach a thabhairt aráis ars an t-sagart. Ní thig liom ars an fear tá an t-airgead caithte agus tá mé fhéin boct. Ó go bhfoiridh Dia orainn ars an t-sagart. Béidh an bó sin ag dul fríd Ifrionn agus thusa ar a gcuid adhairc. Ó ní tiocfadh dé sin ars an fear no bó mhaol a bhí inntí.- Collector
- Cathal Mac Giolla Chaoil
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- An Tóin Dubh (Thompson), Co. Donegal