School: An Cuimín (roll number 6162)
- Location:
- An Coimín, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhíodh iomradh mhóir ar an Sagart Mhac Phaidín a bhí na cómhnuidhe ar na Gleanntaí. Tá sé marbh agus ar Dheis Dhé go raibh a anam. Bhíodh sé ag dhul thart ar "Stations" agus deirtear go mbíodh sé i gcómhnuidhe ag chuir Teagasg Chríostaidhe ar na sean daoinibh.
Bhí sé i dteach aon lá amháin thoisigh sé ag míniú dobhtha fa'n Sácramaint ro-naomhtha agus fa Cómhartha so-fheicsionach. Mhínigh sé iad cupla uair i ndiaidh a chéile. Shíl sé gur ceart go mbéadh eolas go leor aca anois ar a méid a dubhairt sé. Thionntuigh sé thart agus d'iarr sé ar fear sampla a thabhairt do anois fa Cómhartha - so-fheicsionach. Ars'n an fhear ma bhíonn tú sa bhaile-mhór lá aonaigh tcífidh tú fir ag teacht amach as tigh olacháin agus iad ag glanadh a bhéil le céirseach-poca sin Cómhartha so-fheicsionach. Bhí an sagart bréagh sásta leis an sámpla sin, agus dubhairt sé go raibh sé ag smaoitiu go raibh fhios ag an fhear níos mo fa ghnóitheach ólacháin no bhí fhios aige fa'n Teagasg Críostaidhe.- Collector
- Máire Ní Bhaoghaill
- Gender
- Female
- Address
- Cloghan, Co. Donegal
- Informant
- Gráinne Ní Dhochartaigh
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Address
- An Coimín, Co. Donegal