School: An Cuimín (roll number 6162)
- Location:
- An Coimín, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cuimín
- XML Page 057
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí bheirt buachaill ann aon uair amháin darbh ainm Seán agus Seón. Rinne siad suas a ninntín a dul ar fastughadh.”
(continued from previous page)as. Toisigh an dhá fhear deag dhá bhualadh le suistí acht theip ortha é a chuir amach diarr siad ar Seón cuidiú leobhtha. Chuidigh, annsin chuir siad amach é. Phill siad agus thug siad mála óir dó Sheón.
Chualaidh Seán go bhfuair Seón mála ór. Dubhairt sé go bhfanochadh sé ann fosta. An chéad oidhche thainic dhá fhear dhéag isteach agus cómhnáir leobhta bhain siad an clár dé agus thainig fear mór dubh amach as, thoisigh siad dá bhualadh le suistí d'íarr siad ar Seán cuidiu leobhtha. Dubhairt Seán nach gcuideochadh acht go suidheadh sé ag coimhead ortha. Chuir siad amach an fear dubh thionntuigh siad arais agus thug siad leath mharbhadh ar Sheáin. Chuaidh sé abhaile agus d'fan sé ann go bhfuair sé bás. Is minic a dubhairt sé 'na dhiaidh sin, tugadh Seón amadach ar mo deabhrathar agus Seán críonna orm-sa. Acht is mise bhí amadach agus Seón a bhí críonna.- Collector
- Peadar Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Age
- 14
- Address
- An Coimín, Co. Donegal