School: An Cuimín (roll number 6162)
- Location:
- An Coimín, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cuimín
- XML Page 065
- XML “Luibheanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (1) Caissearbhan ghlas: (Green dandelion) Tá seo in a léigheas ar guiríní a thigeas ar agaidh nú ar chorp duine. Bruithtear an caissearbhan glas seo ar feadh leath-uair nó mar sin. Annsin cuirtear amach ar soitheach go dtí go reamhochaidh sé. Cuimlir é ar an áit in a bhfuil na guiríní ar feadh trí lá agus i gcionn an ama sin deirtear go mbéadh na guiríní uilig ar shiubhail.
(2) Caissearbhan Dearg:- (Red dandelion) Tá seo mar léigheas ar fiabhras croidhe. Bruithtear é ar bhraon uisge, annsin cuirtear amach é ar soitheach agus óltar é nuair a fuarann sé.
(3) Crádan (Burze) Tá seo mar léigheas ag daoine chun fola a ghlanadh. Bruithtear iad ar braon beag uisge go mbéidh an súgh uilig asta. Caithfear é a fhagail go bfuarann sé. Oltar annsin é.
(4) Crúb Clibeóige: (Coltsfoot) Duilleógaí a thiormú agus iad a chaitheamh mar tobaca fá choinne aicideacha na cléibhe.
(5) Brioscán Caorach:- (Sheeps' festo) Tá súgh na preamháca maith fá choinne aicideacha na sgamhan.
(6) Flaith:- (Chickenweed) Deirtear nach bhfuil alt sa luibh seo nach bhfuil léigheas ann. Róstar agus cuimiltear ar ghortuigheacha
é mar léigheas.
(7) Capóg (Dock-leaf) Tá súgh capóige maith fá choinne cuimilt ar dhóghadh coll-fáithce.
(8) Bataí Dubha (Bachelor Buttons)
Séosamh Fiadhain (Wild George) Nuair a bhruithtear an dhá luibh seo tá a gcuid súgh sar-mhaith ag casáctach.
(9) Biolar (Water-cress)
Frachóg (Mulberry) Tá duilleógaí an dhá phlannda seo ithte(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Age
- 15
- Informant
- Proinnseas Ó Gallchobhair
- Relation
- Parent
- Gender
- Male