School: An Cuimín (roll number 6162)
- Location:
- An Coimín, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cuimín
- XML Page 068
- XML “Ag Déanamh Aráin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bheirfidhe tú leat an mhin-coirce i scala agus cuirfidhe tú uisge galach anuas air. Measgann tú suas é annsin no go mbéidh an min uilig fliuch. Cuirfidhe tú amach ar an tábla é agus gní tú é comhthram le do láimh. Téigheann tú an t-iarann leis an teine ar eagla go greamóchadh an t-arán air. Annsin cuireann tú an t-arán ar an iarann go raibh sé bruithte. Tá an-bhrigh san arán seo. Ba ghnáthach leis na sean-dhaoine theacht le trath amháin san lá de'n arán seo agus go fóill nuair atá na daoine ag dhul ar astair fada cuireann siad giota de'n arán ina bpóca. Níl áird ag corr dhuine ar an arán seo no cuireann sé dóghadh-croidhe ortha. Tá an t-arán seo an-mhaith nuair atá neart ime air.
- Collector
- Máire Ní Bhaoghaill
- Gender
- Female
- Address
- Cloghan, Co. Donegal
- Informant
- Gráinne Ní Dhochartaigh
- Gender
- Female
- Age
- 68
- Address
- An Coimín, Co. Donegal