School: An Cuimín (roll number 6162)
- Location:
- An Coimín, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cuimín
- XML Page 079
- XML “Oíche Shamhna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ní bhionn mórán iomráidh ar an tSamhain anois; na daoine atá ag gabhail ins an am atá i láthair ní mo 'ná go dtuigthear dóibh cad is Samhain ann, nó cáidé an chiall atá le "Milleadh Cnó," le "Creac Sméar", le "Folachan Feoighte," le "Rádán," le "Geasróga Samhna," le h-"Oidhche Fhéil' na Marbh," leis an Phaidrín Bheag," leis na "Laethe Sceoidhte," nó leis an tsean-druagánacht a bhain leis an dómhadh lá déag de Mhí na Samhna. Acht níorbh' amhlaidh abhí i bhfad ó shoin.
Roimhe seo chrostaí ar thaos óg smeara dubha a ithe indhiaidh lá Samhna Úr. Agus d'agarthaí iad gan roinn nó rogha a bhéith aca le cnódhanna aon uair amháin a thigeadh sean-lá Samhna, le neart na h-eagla roimhe an tSluagh Sidhe.
An bharamhail a bhíodh ann go ndeánadh lucht na gcnoc go ndeánadh siad "creach sméar" Oidhche Shamhna, agus duine ar bith a d'íosadh ceann de na caora beaga 'na dhiaidh sin gur dhó ba mheasa. Thiocfadh an "Rádán" air; is é sin sheangfadh a chorp, d'éireochadh sé ruicneach fá na pluca agus fá'n ghruaidh, agus roimhe bhliain bhéadh dreach agus feagraidheacht shean-duine air. Mar an gcéadna an té a dtiocfadh de mhío-fhortún air baint le meas na gcoll i ndhiaidh sean-lá Samhna d'fhágfaí gron de sheort eighinteacht air nó comh dóighe le n-a athrughadh thiocfadh brúcht amach ar a chroiceann.
Oidhche mhór grinn ag na Gaedhealaibh is eadh Oidhche Shamhna. Bíonn suipéar mór in achan teach an oidhche sin. Déantar bairin-breac i gcóir an t-suipear(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Age
- 15
- Informant
- Proinnseas Ó Gallchobhair
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Occupation
- Garraíodóir