School: An Cuimín (roll number 6162)
- Location:
- An Coimín, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cuimín
- XML Page 096
- XML “Ag Déanamh Cléibh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- As slatacha saoileóige no coll a gnídhtear cliabh, cionnus go bhfuil siad furust a lubadh. Piochtar oct gcinn déag de na slatacha is laidre agus saithtear síos ins an talamh iad agus ceithre orlach eatorra agus ceanglochtar ag bárr iad na sáithtean a beirtear ortha seo.
Cuirtear oct slat déag eile ceann isteach i gcúl achan sáithtean agus oibríghthear isteach as amach ar na sáithtean iad no go dtig tú fhad leis an sníomh béil. Gheobhaidh tú oct gcinn déag eile annsin agus bheirfidh siad sin tiníos fhad leis an chamoig thú. Chuirtear oct gcinn déag eile ann agus i dtrathaibh dhá orlach fa coinne an camoig.
Gheibhtear oct gcinn déag annsin agus oibrigheann tú amach agus isteach fríd na sáithteain iad nó go dtig tú go toin an cléibh. Sgaoiltear na sáithteain annsin agus cuirtear barr géar ortha. Lubtar dhá ceann déag acu agus sáithtear síos fríd na slatacha atá ar taobh an cleibh. Na sé sáithteain atá fághta oibrightear anonn agus anall iad fríd an tóin.
Pioctar na mion rudaí agus cuirtear iad sa tóin go raibh sé druidte annsin tá an cléibh deánta. Géarrtar na sáithtean atá sa talamh fa órdlach d'on bhéal. Fágtar annsin é go mbéidh sé feóithte annsin béidh sé fa coinne usaid.- Collector
- Maighread Níc Fhionntaigh
- Gender
- Female
- Address
- Cloghan, Co. Donegal
- Informant
- Cathal Ó Muighe
- Gender
- Male
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cloghan, Co. Donegal