School: Trian Caol (roll number 10778)
- Location:
- Treankeel, Co. Donegal
- Teacher: Peadar Mac Gaoithín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Trian Caol
- XML Page 216
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear in a chómhnuidhe i Mín a t-Sionnaigh uair amháin agus bhí sé an mhaith ag rith. Toirdhealbhach Bán Ó Cuinn ar t-ainm a bhí air. Beireadh air am amháin as a bheith troid. Fuairtheas greim air i Mín a t-Sionnaigh. Beirt ghárda agus iad ag marcuigheacht a bhfuair greim air. Ghabhaidh siad é acht ní rabh gleus acu é a thabhairt leobhtha.
Fuair siad dhá rópa agus cheangal siad ceann le gach sgiathain. Fuair gach fear acu greim ar rópa agus ar shiubhal leo ag tarraingt ar Litirceanainn.
Shiubhal siad ar dtús ach bhí Toirdhealbhach i dtoiseach. Chuir siad na beathaigh ar sodar acht bhi sé i dtoiseach. Annsin chuaidh siad ar chos in áirde agus bhi Toirdhealbhach i dtoiseach go dtáinig siad go Litirceanainn. Tháinig na gardaí anuas ó na caiple annsin agus ars ceann acu do, "Dá bhí'un reatha leatsa ní chuirfinn mo chos ar capall go deo".- Collector
- Máire Ní Éagartaigh
- Gender
- Female