School: Maol Raithnighe
- Location:
- Mallaranny, Co. Mayo
- Teacher: An tSiúr Philomena
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maol Raithnighe
- XML Page 109
- XML “Dán Mhac an Mhinistir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)V
D'arduigh liom go Geataí Flaithis
Tháinig an ? faoi na clócaí geala
Thug sé ? dáréag ar mo anam
Agus i nIfreann thios a bhí mo leabaidh.
VI
D'ísligh liom go geataí ifrinn,
An áit ar sguabadh an gruaig de mhullaigh mo chinn
Ritheadh riollán fola trí lár mo chuim
A Mhuire agus a mhaidean beannuighthe
Sgread mo chroidhe.
VII
Tháinig sí - an Mhaidean mhaiseach,
Chuaidh sí ar a glúine geala,
D'íarr sí impidhe ar a h-aon Mac a' leinbh -
Mo leigint cois claidhe no garraidhe
Mar an londubh ar barraí na gcrann,
Mar an éasóg faoí an talamh
Nó imeasg na gcríostuidthe ar Neamh.Leigeadh beo seacht mbliadhain é, agus nuair a fuair sé bás chuaidh sé go Flaithis.- Collector
- Tomás Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Informant
- Maighréad Ní Mháille
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 98
- Address
- An Dumhach Bheag, Co. Mayo