School: Scoil na mBráthar, Baile ‘n Ródhba
- Location:
- Ballinrobe, Co. Mayo
- Teacher: M. A. Ó Mathghamhna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An t-am a bhí an téirghe amach sa bhliain 1876 chuaigh gach fear óg as Baile an Róba agus Cill Mheáin isteach sna Fianna. An t-am seo bhí siad ag troid i gcoinne na Sasanaigh, mar bhí siad dhá chur na daoine bochta amach as a seilbh agus na feilmeacha a bhaint díobh freisin. Do thabharfadh siad na feilmeacha ansin do na daoine uaisle. Ní raibh aon airgead ag na Fianna ach an oiread. Aon airgead a bhí acu, do thabharfadh siad é óna daoine bochta é.
Deirtear go raibh pota óir ag na Fianna. Do chuir siad i bhfolach é, i bpáirc in aice le Cill Mheáin Is é an fáth gur chuir siad i bhfolach é ná, go raibh fhios ag na Sasanaigh go raibh an pota óir sin acu. Do chur siad i bhfolach é, agus ní raibh na Sasanaigh in ann é a fhágáil.
Deirtear gur mharaíodh na daoine do chur i bhfolach é. Ní raibh aon duine in ann an pota óir sin a fhágáil riamh ó shin.- Informant
- Mrs T. Glynn
- Gender
- Female
- Address
- Ballinrobe, Co. Mayo