School: Cill Chuana (roll number 12782)
- Location:
- Kilcoona, Co. Galway
- Teacher: Liam Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chuana
- XML Page 0008
- XML “Ór i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ór i bhFolachChuala mé na sean-daoine ag rádh go raibh pota óir i bhfolach i n-uaimh i lios in-aice Áth-Cinn. Dúbhradh gur eascú a bhí ag tabhairt aire don phota óir agus nach raibh aon chaoí leis an eascoin a mharbhú acht mar seo.
Beirt fhear a dul ag a dó-dhéag a chlog san oidhche le dhá láidhe. An chéad fhear a láidhe chur sa talamh chomh doimhin is d'fhéadfadh sé i mbéal na h-uana. An dára fear an rud céadna a dhéanamh. Nuair bheadh sin déanta, an chéad fhear preab a chaitheamh amach agus dul taobh thíar arís agus preab eile a thógáil. Nuair bheadh sin déanta an dára fear a phreab eile a chaitheamh amach agus mar sin go mbeadh na trí preabanna caithte amach, annsin bheadh an eascú marbh.
Bhí brionglóid ag fear faoi seo agus d'imthigh sé fhéin agus a chomráda ar thóir an phota, acht nuair chualadar an eascú ag corruighe istigh san uaimh, ritheadar abhaile le faitchíos. Tá an t-ór ann fós.Pádhraig Mac Aodha, Baile-Chathaisaigh, Áth-Cinn, Gaillimh.
Liam Mac Aodha, a athair.Ainm na Scoile: Cill Chuana (Uimhir rolla 12782)
Ainm an té a scríobh: Pádraig Mac Aodha
Ainm an té a d'inis: Liam Mac Aodha- Collector
- Pádraig Mac Aodha
- Gender
- Male
- Address
- Ballycasey, Co. Galway
- Informant
- Liam Mac Aodha
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Ballycasey, Co. Galway